The Republic: Issue 3 – Culture in the Republic, Part One
Issue 3, July 2
Author: Alan Titley
ENGLISH LANGUAGE ABSTRACT: Cultural Republicanism (As a Solution to the World’s Problems)
Much of the history of the modern world is a history of devoiced peoples gaining a measure of freedom of expression from their masters in the great empires. All empires are, by definition, anti-democratic. The nationalism of submerged societies grew apace with democracy. Nationalism among the community of nations is the equivalent of democracy among the community of individuals. Cultural republicanism recognises the equality of citizens as individuals, but also recognises the rights of peoples as members of communities. These communities are not ‘invented’ or ‘imagined’ (in Benedict Anderson’s terms), nor have they been utterly assimilated (as desired by the empires). They inhere because of a vast network of symbolic meanings that have been lived and sensed through time. They are not merely economic in the capitalist sense, nor do they override the rights of man in the universalist sense. But this sense of identity—national, local, regional, communal—is what drives politics, more than class, or economics, or simple self-aggrandisement.
All such groups should be given whatever automomy they desire. This is the basis of democracy, against international corporate capitalism whose disdain for the individual is only matched by its disdain for the local gadfly polity. This democracy is the beginning of a better world, where people can make a difference free from a political control that despises them both as individuals and as members of a nation.
The imperial mind may reside in the most well-meaning and liberal thinkers. Certainly, Marxists did not want such meaningless entities as Estonia to gain their independence, while the idea of a Basque state provokes righteous anger, even if this is what a majority of Basques desire. We make some quiet noises about Tibet, but the Kurds can remain split among the nations. It is as if some peoples deserve freedom, while others do not—which is precisely what the imperial anti-democratic project was about in the first instance.
There is virtually no border dispute in any part of the world without an ‘ethnic’ dimension—an element of one group thinking that they are superior to another. This imperial implant is the biggest barrier to complete tolerance among peoples. National communities, of course, have responsibilites as well as rights, but these are met by incorporating international human rights law into their legislation, and historical memory, their own history of subjection, can play a huge part in the healing imaginative process.
The argument about small nations being locked away and isolated from the rest of the world is patently absurd: no nation is ever isolated from another because of the normal intercourse of culture and commerce; more saliently, the smaller the nation the more open it is. It is the big empires of the world who are narrow because they do not have to look outside themselves; it is the small nations who are the most cosmopolitan, because they have to be.
Slí amháin le féachaint ar stair an domhain ná múscailt na bpobal beag a tháinig amach as faoi bhun na n-impireachtaí móra. A fhianaise chomhthacaíochta sin, tráth dá raibh, bhí impireachtaí na Róimhe, na bPeirseach, Attila, na mBiosantach, na Seiliuc in airde a réime, agus ar aghaidh linn siar amach ar aon iúl leis sin. Iarrachtaí ba ea gach aon cheann díobh ar phobail éagsúla a stiúrú agus a choimeád faoi smacht. Dá olc maith gach ceann díobh—agus déanaim amach gur olc is ea gach impireacht go bun—b’é an dílseacht do thuairim éigin aontaithe a choin-nigh le chéile iad. Dílseacht chlaímh i ndeireadh thiar thall ba ea é sin. Níl feidhm dom a rá nár coinníodh aon impireacht le chéile gan fuil agus foréigean agus síorbhagairt á cur i gcrích.
Is de shuimiúlacht nár dhaonlathas é aon impireacht ar bith. Is d’inneach an daonlathais é cothromaíocht idir daoine, agus séanann an impireacht sin. Is d’inneach an náisiúnachais é cothromaíocht idir pobail (nó náisiúin), agus séanann an impireacht sin, leis. D’fhás an daonlathas agus an náisiúnachas stáit i dteannta a chéile mar is ina seasamh ar cheart an duine mar indibhid, agus mar bhall de phobal, a bhí siad leith ar leith.
Is é atá sa phoblachtánachas cultúir aitheantas ar an gcéad dul amach go bhfuil gach saoránach cothrom agus cearta doshannta aige. Sin oidhreacht an phoblachtánachais. Laochra iad gach duine sin a ghearr airde rí nó banríona nó prionsa nó barúin nó caesair nó cúnta no diúic nó sabhdáin pé acu Cromail nó Robespierre nó Gavrilo Princip nó Henri Pohl nó an prionsa gan choróin Dipendra féin a bhí ann. Is é gnó an chultúir sa chothromóid seo ná aitheantas ar dhínit an duine ina phobal féin, agus ar an dínit sin ina cáilíocht féin gan beann ar a bhfuil á shairsingiú air. Dá réir sin tá an poblachtánachas mar thuiscint ar chearta an duine mar shaoránach, agus an poblachtánachas mar thuiscint an duine i gcomhthalán níos leithne nasctha le chéile in aon bhall neamhuamach ó bhonn go scolb.
Tá, gan amhras, fadhbanna móra ag leanúint na polaitíochta. Níl báirí ná críocha déanacha na polaitíochta aontaithe ag cách. Is amhlaidh gur tionscal seirbhíse féinfhreastail atá ann do roinnt, baineann le heacnamaíocht go príomha dar le go leor eile, cuid de chóras na n-aicmí, d’fhonn cumhacht a bhaint amach, mar áis mhargaidh dá thuilleadh fós de réir cuma. Is amhlaidh atá mar nach ionann bairí ná críocha déanacha na beatha do dhaoine seachas a chéile ach oiread. Agus tharlódh go mbeadh smut de na críocha polaitiúla sin ar snámh a bheag nó a mhór ar fud anamnacha an uile dhuine. Ach is deimhnitheach nach sealbhaítear leis an díocas céanna iad. Neachanna polaitiúla is ea roinnt daoine, agus ealaín í ar bheag is miste le daoine eile fúithi. Pé sa domhan scéal é, tá toise phoiblí i saol gach aon duine, toise náisiúnta fiú, a shloinntear agus a nochtar ar shlite éagsúla, mura bhfuil ann ach cluichí spóirt, comórtais amhránaíochta nó róiseanna áilleachta ar stáitse.
Is aníos as an toise phoiblí seo, áfach, a éiríonn an chuid is sofheicthe den pholaitíocht náisiúnta sa bhith críoch fad a ritheann. Agus is anseo, leis, a chaithfear slán go deo a fhágáil ag teoiric Benedict Anderson agus a chamthaí, gur ‘comhthionóil shamhlaitheacha’ iad na náisiúin.1 Ní tógtha ar ‘dhifríochtaí’ atá náisiúin, is amhlaidh gur soiléire an difríocht nuair a chuimilíonn dhá chéannacht le chéile. Mura bhfuil de fhéinaithne ann ach nach ionann tú agus an duine thall, níl in aon aithne ar bith ach rud diúltach, séantach. Mura bhfuil ionainne ach neamhsibhse, agus ionaibhse ach neamhdhaoine eile, agus iad siúd ina neamhdhaoine eile fós ní bheadh ann d’aon toise féinchothaithe ar bith. Agus nílimid ceangailte ar a cheapadh gur mar sin atá. Ligeann gach feiniúlacht tríd is fíor, tá an braon anuas trí gach córas agus comharthaíocht shiombalach. Ní hionann seo is nach ann dóibh. Is féidir le teorainneacha idir náisiúin, idir comhthionóil, idir na slite a shloinneann siad iad féin, nó a nochtann siad a bhfuil acu a bheith doiléir, ar snámh, éiginnte, ar bogadh, soghluaiste agus mar sin de ar aghaidh, ach is fada buí é sin ón tuiscint nach ann dóibh. Mura mbeadh ann dóibh bheadh gach cultúr mar an gcéanna, agus is follas nach mar sin atá. Ní hé nach ndlúitear le chéile iad mar náisiúin le scéalta miotaseolaíochta, le siombail bhuile, uaireanta le deargbhréaga, ach ní as neamhní a thagann siad. Go deimhin, gabhann támhchodanna na náisiún uile siar na céadta, agus go minic na mílte bliain, pé cócaireacht a dhéantar orthu ina dhiaidh sin. Dá bhféadfaí náisiúin a tháthú le chéile neamhspleách ar theanga, ar sheanchuimhne, ar litríocht, go minic ar chreideamh, is deimhin linn go mbeadh náisiúin déanta fadó as na himpireachtaí sin ar fad a mhair ar feadh na gcianta. Na hOttomain, na hOstarUngáraigh, na hAztaic, an túisce is a scaoil siad a ngreim is aníos a phéac na pobail bheaga.
Is é atáim á mhaíomh gurb iad na pobail bheaga seo solas agus lóch-rann na saoirse, is iad dúshraith an daonlathais iad, is iad croíchnóta na gcultúr domhanda iad. Tugtar saoirse do gach mionphobal a bhfuil sé ag teastáil uathu, nuair a bhíonn sé ag teastáil uathu, agus is gairid uainn clár síochána eadrainn ar domhan.
Nuair a luaitear é seo, is gnách go dtagann alltacht ar dhaoine, go bhfásann muc ar gach mala agus go dtagann gal fholaigh amach as cuaisíní coirp nach bhfeadair daoine iad a bheith ann. ‘Conas is féidir saoirse a thabhairt do gach aon mhiondream’ a fhiafrófar díot. B’shin go díreach an argóint a bhí in aghaidh saoirse na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na Slóivéine, Bosnia, na Cróite, na Macadóine, Timor Thoir (nó Timor Lorasa’e, le ceart), na Táidsíceastáine, an Asarbaiseáin, gan dul níos sia i ngabhlánacht, agus gan trácht ar a bhfuil de mhiontíortha níos lú ná sin fós a bhfuil guth agus suíochán agus seasamh anois acu sna Náisiúin Aontaithe le beagán os cionn deich mbliana anuas, Liechtenstein (1990), Na hOileáin Marshall (1991), An Mhicrinéis (1991), San Marino (1992), Monaco (1993), Andorra (1993). Cén duine a sheasfaidh i lár an aonaigh in Taillinn nó Vilnias nó Rige nó Cisineá nó Ashgebat nó Tashkent nó Almety nó Mionsc nó Cív agus a déarfaidh os ard, ‘Ba cheart go mbeadh sibhse fós faoi chrúba na Rúise?’ Nó in Dili adéarfadh go raibh an ceart ag na hIndinéisigh na fodhaoine sin ar fad a mharú? Ba dhána an mhaise é. Mar is é fírinne an scéil, in ainneoin gach séanta, go gceaptar coitianta go bhfuil pobail áirithe i dteideal a gcuid saoirse, agus daoine eile nach fiú dóibh drannadh leis. Ceaptar seo i bpobail nach raibh aon traidisiún impiriúlach acu chomh maith céanna le pobail a bhfuil an t-uaslathas ginte iontu. Nó tá tuairimithe go bhfuil pobail róbheag le go bhféadfadh siad maireachtaint beo, amhail is nach raibh gach tír ar domhan spleách ar a chéile. Agus in ainneoin a bhfuil de thíortha beaga éiritheacha, abhacthíortha nach dearóil, ar fud na cruinne. Tuilleadh: go deimhin is tearc tír bheag a ghabhann sáite i muineál a chomharsan, agus is tearc tír bheag a bhfuil a gcuid tancanna réidh ullamh chun gluaiste trasna na machairí.
Fairis sin ar fad, is fánach í an fhadhb pholaitiúil nach bhfuil cúrsaí ‘náisiúnachais’ de shórt éigin laistíos de. Sa pholaitíocht shíochánta fein, deir Amin Maalouf,
nowhere on the whole map of the world can I find a single country where the religious and ethnic affiliations of all the candidates is regarded by the voters as irrelevant.2
Is é sin le rá is beag fadhb a bhaineann le teorainnacha fearainn, le haighnistí inmheánacha nach bhfuil deacracht ‘eitneach’ éigin á comáint. Is de dheasca géar-leanúna agus easpa aitheantais atá na Curdaigh suaite sna críocha a bhfuil siad iontu. Ceist náisiúntachta is ea is bun leis an troid sa tSúdáin, mar a bhí sa chogadh idir An Nigéir agus Biafra, nó idir Eritrea agus An Aetóip. Is ar bhonn eitneach, is é sin, náisiúnta an t-aighneas fíochmhar sa Chósta Eabhair faoi láthair, ní idir an ‘tuaisceart’ agus an ‘deisceart’ mar a mhaítear linn, ach idir an Bété atá dílis don Uachtarán Gbagbo ar díobh é agus na Dioula a fhaigheann tacaíocht óna gcomhmhuintir trasna na teorann in Buircíne Fasó. B’fhéidir go bhfuil teidil bhreátha ar gach dream díobh seo ar nós an Patriotic Movement of Ivory Coast, nó Ivorian Popular Movement of the Far West nó Movement for Justice and Peace, (sna leaganacha Béarla dá n-ainm) ach is bunaithe ar ‘náisiúin’ atá siad mar atá gach páirtí polaitiúil ar fud na hAfraice ar fad. Dhá chine atá in adharca a chéile in Sri Lanka. Easpa féinrialach, agus easpa deiseanna d’fhonn é a phlé fadhb na mBascach. Na hOgoni faoi dhaorsmacht na Nigéire. Na hAcéhanna ag iarraidh scarúint leis an Indonéis. Oileán Basilan ag iarraidh scarúint leis na críocha Filipíneacha. An tSeoirse in earraid leis an Rúis mar gheall ar cheantar Paincísí. Stát Seain in Maenmar gan a bheith sásta lena mbraighdeanas. Caismír a bheith sa stát mícheart. An Tiobóid gafa go hiomlán ag na Sínigh. Dá scaoilfí leo, le gach cine díobh, agus le gach cine eile nach bhfuil iontu ach sop tuí i lár na tuile idirnáisiúnta, is síochánta agus is suairc a bheadh scaoba móra den chine daonna agus is mó sin duine a chodlódh níos báine ina leaba. Eascraíonn formhór mór d’fhadhbanna polaitmhíleata an domhain as daoine a bheith faoi smacht. Sin uile.
Is é atá sa phoblachtánachas cultúir ná tuiscint chaoinfhulangach. Mar atá an chaoinfhulaingt idir daoine mar neacha ar chomhchearta daonna sa phobal náisiúnta, tá an chaoinfhulaingt chultúir agus comhmheasa mar cheangal idir náisiúin. Ní cultúir ar deighilt iad seo, gan amhras, sula ndéarfaidh cúrchloigeann éigin gur ag iarraidh ballaí a thógáil idir daoine atáim. Is duine gach duine i measc daoine, agus is náisiún gach náisiún i measc náisiún. Ní príosúnach faoi ghlas é an náisiún, ach duine ina áras féin mar atá an duine ina cholainn féin, agus adaítear amach as sin. Tugtar a bhfuil le tabhairt agus fachtar ar iasacht a bhfuil le fáil. Dá séanfaí sin dob ait an mac an saol. Tá na prionsabail an-soiléir. Ná cuireadh aon náisiún/pobal/grúpa iachall ar ghrúpa/phobal/náisiún eile nach bhfuil uathu a dhéanamh. Tá sé chomh simplí leis sin.
Ní mhaím nach teidil gan deacraí iad ‘pobal’ ná ‘cine’ ná ‘náisiún’ ach oiread le ‘cultúr’ arbh fhearr gan dul ina aice den turas seo. Tá teorainn-eacha mós ceomhar acu. Tá gach tuairim díobh ag ligean tríd, tá an braon anuas astu, iad ag sileadh ar nós caicíní caorach. Ná ní mhaím nach tábh-achtaí ná a chéile iad ó dhuine go duine. Agus is tábhachtaí ó am go ham iad ó dhuine go chéile ag brath ar cad tá sa treis. Is deimhin linn nach féidir a mhaíomh nach n-athraíonn siad ina gcumraíocht agus ina gcruth ó am go chéile. Ach ní samhlaíocht bhuile iad, ná ceapadóireacht as fhuil fhuar. Ní féidir a áiteamh ar Arabaigh gur Inuitigh iad, dá mhéid é an fuacht, ná ar Mhaoraigh gur Maoigh aduaidh iad, dá mhéid é an bhagairt. Ní hionann sin agus nach féidir le daoine aistriú ó áit go háit, ná clasú le pobail éagsúla, ná assamhlú oiread agus is mian no is feidir leo le buíonta atá in aice leo, ná dílseacht a athrú. Ná ní hinargóinte nach bpáirtíonn daoine go lántoilteanach sa saol réadach iarmhír tráchtála iltíreach cosmapalatanach macdomhnailliúil oiread agus is mian leo.
Ach ní hinséanta mar sin féin gur aníos agus aniar as gile gheal dhorcha na staire a thagann an toise pholaitiúil sin a áitíonn seo nó siúd orainn—agus a éilíonn sásamh iomlán—sula ngluaisimid ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, pé ní é féin. Is é an toise seo a lorgaíonn éisteacht sa saol polaitiúil mar eachtra phoiblí ar shlí go lorgaíonn an toise an éisteacht chéanna sa tsaol pearsanta, sna healaíona agus san litríocht. Is é toise seo an náisiúnachais is doimhne a ghabhann siar sa duine, ‘anti-Cartesian atavism’,3 mar leis an duine mar ainmhí polaitiúil de, an t-aitheantas céadraí seo nach bhfuil teacht thairis. Dar le Isaiah Berlin:
… even in its moderate forms, nationalism springs from feeling rather than reason, from an intuitive recognition that one belongs to a particular political or social or cultural texture, indeed, to all three in one-to a pattern of life that can-not be dissected into separate constituents, or looked at through some intellectual microsope; something that can only be felt and lived, not contemplated, analysed, taken to pieces, proved or disproved.4
Ní náisiúnstáit iad formhór na dtíortha ar domhan, ach a bhfuil d’fhadhbanna polaitiúla céannachta acu, is de dheasca nach náisiúnstáit iad. Na coinbhleachtaí atá á gcrá is coinbhleachtaí náisiúnstátúla iad. An áit a bhfuil scáileanna náisiún, leathann siad ar fud na haimsire atá anois againn ann. Fadhbanna na réamhstaire féin b’fhadhbanna prótanáisiúnstátúla iad.
Ceann de bhréaga móra na staire ba ea nárbh ann do náisiúin go dtí an seachtú nó an t-ochtú haois déag. Is é sin má chúngaíonn tú go caol cad is brí le náisiún ann. Ach is róchuma an lipéad: treibh nó cine nó grúpa nó buíon nó dream nó slua nó cuallacht nó pobal nó treabhchas nó conlán nó eile, mar atá foilsithe agam lastuas. Daoine a shainigh iad féin ar shlite áirithe comhchoitianta ar leithrigh ón gcuid eile den saol atá i gceist agamsa—agus de ghnáth bhain na slite sin le teanga, le sinsearacht, le creideamh, agus le tairisí áirithe a d’fhás astu sin. Bhí na slite agus na tuiscintí sin i gcónaí ar bogadh agus claochlóideach agus ag fás agus ag meathlú de réir an tsaoil mhóirdtimpill. Ní timpistghlantseansúil í gur thug na Rúisigh a gcuid bá do na Seirbigh sna cogaí le déanaí. Is amhlaidh gur de bharr an ghaoil i bhfad amach atá eatarthu, nó a shamhlaítear eatarthu, a tharla sin. Ná ní timpist í gurb iad na Meiriceánaigh gheala waspúla agus na Sasanaigh agus na hAstrálaigh atá chun tosaigh i dteannta a chéile sa chogadh ar son an ola sa Mheán-Oirthear. Ar leibhéal áirithe samhlaítear gurb aon treibh mhór amháin iad, na Glóbanglacánaigh, agus cé déarfadh a mhalairt. Fág sonraí áirithe i leataoibh, níl sna Stáit Aontaithe ach oidhre ‘dhlisteanach’ Impireacht na Breataine. Ná ní timpist é go bhfuil dlí tagtha i bhfeidhm sa Spáinn a éascaíonn an bealach do shinsir a muintire a theich go Meiriceá Theas filleadh anois, bealach atá i bhfad níos fusa ná bealach na gcomharsan is gaire dóibh trasna chaolas cúng na meánmhara a dtarlaíonn go bhfuil teanga eile á labhairt acu, agus éadaí fada róbacha ar a gcolainn. Inár stáitín beag féin is fusa do gharmhac nó iníon duine a d’fhág an tír trí ghlúin ó shin saoránacht a bhaint amach, ná athair nó máthair saoránaigh a rugadh anseo. Síneadh ar an náisiúnachas is ea gach ceann díobh seo, nó síneadh ar an tuiscint gur aonad tábhachtach tuisceana pobail is ea pé ní a thuigimid le ‘cine’, nó ‘treibh’ nó pé focal is áin leat, bíodh siad ceart nó éagórach go minic.
In aimsir chogaidh agus éigeandála vótálfaidh daoine ar son an ‘náisiúin’. Caitheadh Churchill amach sa Bhreatain nuair a bhí sléacht an dara domhanchogaidh thart agus síocháin i réim. Thug na Seirbigh lántacaíocht don bhúistéir Mhilosovic ina chuid búistéireachta, agus go háirithe nuair a dhein na Stáit Aontaithe agus a gcuid giollaí ionsaí ar an tír; ach dhíbríodar ina dhiaidh sin é nuair a bhí an chruachéim thart. Thit eacnamaíocht Iosraeil as a chéile le linn do Sharon a bheith ina phríomh-aire, bhí amhras mór go raibh a chrág sa scipéad, ach toghadh arís é le linn a chuid catha leis na Palaistínigh. ‘It’s not the economy, stupid’ mar is féidir a rá, ag baint casadh as nath úd na toghchánaíochta.
Is amhlaidh gurbh iad, agus gurb iad na hImpireachtaí móra faoi dear an chuid is mó ar fad de shléachtaí is de dhúnmharuithe oifigiúla cogaíochta an domhain. Is é sin le rá, an tslí nach mbíonn cumhacht amháin sásta ligean le daoine atá in aice leo, ná go deimhin ar an taobh eile den domhan. Dá gcuirfí deireadh le gabháil, críoch le concas mar atá mar idéal i mbunreacht na Náisiún Aontaithe, bheadh cuid mhaith mhór d’fhadhbanna ‘náisiúnta’, agus dá réir sin, polaitiúla an domhain réitithe. Tuairim is 190 de thíortha neamhspleácha atá anois ar domhan; níl cúis ar bith nach méadófaí seo faoi dhó, faoi thrí, faoi iolrafhigiúr dá mba ghá. Cuirtear daoine faoi leatrom agus faoi ghéarsmacht ní toisc gur daoine aonair indibhidiúla iad, ach toisc go mbaineann siad le náisiúin. Is féidir go mairfeadh comhfhlaithis, ar ndóigh. Maireann comhfhlaithis, nuair is comh fhlaithis iad, is é sin le rá, nuair atá meas ar chách agus cearta ag cách. Nuair nach mar sin a bhíonn tosaíonn siad ar a bheith ag titim as a chéile, nó ag teacht faoi bhrú. Maireann ‘náisiúin’ éagsúla go sítheoilte, a bheag nó a mhór, san Eilvéis, mar shampla, mar is mór acu an tsaoirse áitiúil agus an chothromaíocht chultúir. In ainneoin an teann-ais sa Bheilg socraíonn an bunreacht agus an córas dlíthiúil nach féidir go bhfaighidh dream amháin an ceannsmách ar dhream eile. Deacair linn a shéanadh ná gur coinníodh an tSeanIúgsláiv le chéile, in ainneoin an uile ní, mar bhí córas bunreachtúil agus cearta idirfhite a d’oibrigh go casta chun leasa gach n-aon; nuair a baineadh na teanntaí cothromaíochta sin d’éirigh an bhéist aniar as a phluais le binb.
Músclaítear an cheist, cad mar gheall ar na mionlaigh sin atá teanntaithe laistigh de náisiúnstát, mionlach a fágadh ar an trá fholamh, b’fhéidir, nuair a d’imigh saighdiúirí an Impire? Is é freagra na ceiste sin, ná go mbeadh idir chearta aonair agus chearta pobail le haithint laistigh d’aon chóiriú poblachtánach. Ní foláir don phoblachtánachas déileáil le daoine mar neacha daonna singilte agus mar bhuíon de chomhthalán náisiúnta cultúir. Ná beirimis linn go bhfuil an dá sheasamh sin glan i gcoinne a chéile; is amhlaidh gur ag comhlánú a chéile atá siad. Mar i gcónaí riamh, tá cearta doshéanta againn toisc gur daoine sinn, gurb ainmhithe déchosacha réasúnta faoi spéartha neimhe sinn, agus toisc gur baill de náisiúin sinn—agus ní féidir gur gá tairne a chur sa chloigeann lena mhíniú gurb é is ‘náisiún’ anseo arís, mar atá siar amach sa trácht seo, buíon daoine a shamhlaíonn gur buíon daoine iad chun críche cultúir agus eagrúcháin polaitíochta agus a shamhlaíonn nach ionann iad agus muintireacha eile in aice láimhe nó i bhfad i gcéin. Is túisce cearta an duine, gan amhras, ná cearta na buíne, ach de bhíthin gur i bhfoirm na buíne sin a ghabhtar i ngleic leis an duine is minic go léir nach inscartha iad.
Baolach, contúirteach, leis, é an focal ‘indibhidiúil.’ Ritheann dhá bhrí éasca chun na teanga, mar atá (a) brí leithleasach shuarach féinleasmhar, agus (b) brí níos leithne a aithníonn an duine mar bhall amháin singilte de shaoránaigh an domhain. Is é an chéad bhrí díobh sin a chomáineann an caipitleachas corparáideach ar láidre go minic anois é ná formhór de stáit an domhain, agus is é an dara brí atá laistiar den phoblachtánachas a aithníonn cearta gach duine ina phearsa aonair agus chomhchoiteann. Aithníonn an poblachtánachas ‘the ineluctable interdependence of human beings’.5
B’é laige an Mharxachais—nó leagan amháin de—ná gur aithin sé cearta an duine (go teoiriciúil) ar aon nós, ach gur fhág sé an toise ‘náisiúnta’ seo amuigh ar an gcarn. Go deimhin, is féidir a áiteamh go láidir mar a dhein Durkheim gur paisean morálta seachas taighde córasúil a bhí mar inneall laistiar den Mharxachas.6 B’é an paisean morálta sin a rinne inneall chomh cumhachtach sin as ar feadh i bhfad go dtí gur sheargaigh na hidéil agus gur tháinig prionsaí prumpúla isteach in áit na mbráthar. Níor tugadh uisce ná aer do na fásraí úd, don ghas céadraí sin as a dtagann oiread sin de shúlach an duine. Leagan aichearrach é seo, gan amhras, ach cuireadh treise leis an duine mar neach ábhartha, in ainneoin na cainte ar bhráithreachas, ar bhráithreachas teibí a bhí ann go minic ceal ceoil, ceal scéalta, ceal filíochta, ceal seanaigne. Ní hé nár uiscigh an Marxachas dioscúrsa intleachtúil, polaitiúil agus sóisialta na cruinne. Dhein agus go domhain. Ach ní ghabhann smaointe polaitiúla ar deoraíocht de réir na líne dírí go ceartumhal mar is mian linn. Gabhann siad isteach i ngabhdán cultúir atá ann cheana, agus is as sin a thagann pé gal a leathnaíonn ar fud na críche. Spor sé mórán de na gluaiseachtaí neamhspleáchais ar fud na hÁise agus na hAfraice, bíodh gurbh í an dúil i ndíbirt na coise a bhí ar an mbolg agus an draothadh drochmheasúil gháire ón teach mór ba thábhachtaí seachas an idé-eolaíocht féin. Mar a chéile lena anáil intleachtúil dhaonlathach shóisialta ar fud na hEorpa. Is é a thug a shuaithinseacht dó gur ghlac cruth nua chuige féin gach áit dá ndeachaigh. Ach is dual d’idé-eolaíochtaí a bheith íonghlan más féidir agus ní fhulangaíonn bliodarnuisciú le foighne. Is dual, leis, dóibh a bheith i gcontrárthacht shoiléir leis an namhaidsmaoineamh eile, agus ní foláir do cheann acu géilleadh. Agus féach ar deireadh, a fhusa is a d’imigh an Marxachas as, fág Cúba agus Vítneam cróga as an áireamh, agus dúntar ár súile ar an gCóiré ó thuaidh.
B’é an náisiúnachas a tháinig ina áit. Tíortha iomadúla ag péacadh aníos ar fud na gcríoch a bhí faoin mbrat dearg roimhe sin. Polaiteoirí ag dul a chodladh ina gCumannaigh dhílse agus ag múscailt ar maidin ina Náisiúntóirí cruthanta. Níor mhar sin do na daoine, áfach, a bhí ina dTuircméanastáinigh, nó ina nÚisbéiceastáinigh, nó ina gCirgisteánaigh, nó ina dTaidsíceastáinigh, nó ina Slóivéinigh—nó ina gciníocha ‘cúil’ eile fós gan aitheantas agus ar glas ár n-eolas orthu—roimh bhunú gach stáit díobh. Aníos a tháinig an dúil ag na daoine seo gan a bheith faoi bhráca socraithe nár oir dóibh féin. Oireann socrú ar bith don státaicme, agus is iad a bheidh i gceannas beag beann ar pé córas atá suas.
Agus sin é an baol diachrach i gcónaí. Beidh i gcónaí ann teannas, nó go deimhin féin sáraíocht agus coimheascar idir na daoine a bhfuil airgead agus cumhacht acu, agus na daoine nach bhfuil ach vótaí beaga acu. Iarracht atá sa chaipitleachas idirnáisiúnta teacht aniar ar an daonlathas agus é a scothadh. Tráchtann Chomsky ar ‘corporate globalisation’ mar ‘reversal of social democratic programs’.7 Is é sin le rá, gurb iarracht iad ar an daonlathas a chur ó rath, agus dá réir sin, toil na ndaoine a chealú. Beidh bearna ann idir na daoine sa chaisleán thuas na leacracha sleamhaine agus na cosa neamhnite thíos ag faire orthu, fiú san daonlathas is oscailte. Is beag rialtas náisiúnta in oirthear na hEorpa, mar shampla, nach bhfuil i bpóca Impireacht na Stát Aontaithe in ainneoin nach é sin mian a bpobal. Is mó sin státcheannaire a thuirling anuas, go fiú le sciatháin an náisiúnachais, ach nár fhéad teanga na tíre féin a labhairt. Cuid den chontráil gaoithe chéanna is ea an cultúr domhanda tráchtála a lagaíonn na dílseachtaí áitiúla agus logánta. Agus cé gurb é dícheall an tsaoil é cuid de seo a mhaolú, níl aon chúis nach féidir le duine é a chur chun leasa a mhuintire féin chomh maith. Is é an chuid den chultúr domhanda tráchtála seo a fhágann na cultúir ‘thraidisiúnta’ faoi tháir an chuid is mó contúirt, mar is amhlaidh go réitíonn an bealach do shaol ina gcaillfidh go leor daoine smacht ar a mbealaí féinstiúrtha féin idir pholaitiúil agus sainéargna.
Cé ea, ní miste ach oiread a admháil go lom amach go leor den amaidí a bhain agus a bhaineann i gcónaí leis an náisiúnachas féin, mar theagasc, mar idéal, nó mar réaladh. An t-eisinteachas buile a cuireadh abhaile go minic, an chúngaigeantacht a chuir naimhde an náisiúnachais in airde ar an bhaigín d’fhonn é a chrústáil le clocha nimhe, an tuathánachas simplí rómánsúil, adhradh na cré beannaithe, an t-eitneachas fola chomh mearaitheach is a bhí teaghlaigh ríogúla riamh faoina gcuid fola goirme, an doras iata in aghaidh na héagsúlachta, an t-ionannú idir am éigin éiginnte fadó agus saol idéalta éigin éiginnte amach anseo, móradh an mhaoloideasa, an t-inbhéirsiú meabhrach, an t-easpa caoin-fhulaingte le daoine eile, an diultú don earra iasachta. Dá leanfaí go loighiciúil den cheann deiridh sin, deir an scríbhneoir Arundhati Roy, is í ag trácht ar eisinteoirí na hIndia:
They could begin by banning a number of ingredients from our cuisine—chillies (Mexico), tomatoes (Peru), potatoes (Bolivia), coffee (Morocco), tea, white sugar, cinnamon (China) … All hospitals in which medicine is practised or prescribed should be shut down. The railways dismantled. Airports closed.8
Is ea, is beag peaca in aghaidh an tsolais nach raibh an náisiúnachas ciontach ann uair éigin, agus an náisiúnachas cultúrdha chomh holc ná cách. Is beag idéal nár chuaigh thar fóir, ná nár baineadh mí-úsáid as. Is de spéis an phlé gur tháinig ann do Nicolas Chauvin, barrbhuaic na náisiúntachta dar leis an slua, nuair a bhí An Fhrainc i mbarr a cuid míleatachta agus i mbun gabhála ar fud na cruinne. Bhí an fealsamh Naitsíoch, Heidegger, chomh tugtha don chré agus don choncas is mar a bhí sé do chnocáin samhlaíochta scamallacha na meitifisice idéalaí.9 Ach is cóir deighilt ghlan neamhghéilliúil a dhéanamh riamh is choíche idir an náisiúnachas mar áis inspioráide agus féindínite, agus an náisiúnachas borrtha ataithe ardséite forghabhálach, ar leagan den impiriúlachas le ceart é. Dá réir sin, impiriúlaigh den dath sin ba ea Chauvin agus Heidegger araon.
Ní cosaint ar an leagan mallaithe sin, an bréagleagan greannán-choimiciúil den tuiscint náisiúnta atá i gceist anseo. Glam ar son na náisiún mbeaga é seo, a bhfuil ann cheana, agus a dtiocfaidh inár ndiaidh. Mar is ag balcanú agus ag cantonú ar na déanacha i lár an idir-náisiúnaithe atáimid. Níl aon chuma air go bhfuil maolú ag teacht ar iomadú na mionstát, ar fhéinriail, ar neamhspleáchas na muintireacha atá ag teacht aníos as faoi bhun na mórstátnáisiún ilchiníocha. Is faide siar a théann na miondaoine guthmhúchta ná guthaí ramhartachtaithe an tí mhóir. Is cuí agus is cóir níos mó aitheantais a thabhairt don rud a dtugann Goran Therborn ‘the cunning survival capacity of historical traditions’ air.10 Is baoth ar fad an bheachtaíocht adeir gur ag iarraidh mairiúint ar leithrigh ón saol atá gach drong a lorgaíonn neamhspleáchas dóibh féin, agus an méid seo ráite le seanbhlas agus le draothadh gáire go minic. Leagan é seo den autarky a bhí thuas idir an dá dhomhanchogadh a mhaígh gurb é an féinchothú eacnamaíochta an cuspóir ar cheart a bheith os comhair gach tíre a raibh meas acu orthu féin.11 Go deimhin, is féidir a mhaíomh gurb é a mhalairt sin ar fad a chomáineann eacnam-aíocht cuid de na mionstáit is lú ar domhan, ar nós Liechtenstein, Monaco, nó stáit áirithe sa Mhuir Chairb agus sa Mhuir Chiúin. Pé ní mar gheall air sin, is mó atá na mórthíortha i dtuilleamaí na trádála agus an chaipitleachais chorparáidigh ná mar atá tíortha beaga ar bith.
D’fhocal gearra, is é atá á lorg ná náisiúnachas idirnáisiúnta. Go deimhin arís ar ais, ní idirnáisiúnta go hidir-náisiúin, is faoi lúba a chéile a mhaireann siad. Cuimsíonn an t-idirnáisiúnachas an náisiúnachas agus tógann isteach faoina fhallaing é. Dá mhéad a bhfuil de náisiúin ar fud na cruinne is ea is idirnáisiúnta a bheidh an saol. In aon áiteamh mar seo, bíonn an claonadh ann go meallfaí duine go dtí taobh amháin nó taobh eile de mhol dénárach ina bhfuil neachanna dífhréamhaithe cosmapalatanacha os cionn gach tíre atá in ann gluaiseacht go réidh ó chathair go cathair ar fud na cruinne agus a bhfuil a n-anam glanta den fhíoch bhuile a thagann le bheith i do bhall de náisiún nó cine ar leith amháin, agus ainmhithe allta cúngbhácha iata isteach ina gcoinicéar teoranta neamhsholasmhar féin ar an leith eile. Mar is eol dúinn go maith is cartún gan dealramh é seo. Níl na neachanna is ‘cosmapalatanaí’ amuigh saor óna dtreibh bheag chlaonta féin bíodh nach féidir leo a leithéid sin a admháil, agus níl aon ‘chultúr’, dá bhreáthacht, nó dá ‘iargúlta’ nár ghaibh frídíní ón iasacht tríd, á shaibhriú nó á mhartrú, ach is go deimhnitheach, á athrú. An traidisiún mór a fhéachann ar an duine mar dhuine amháin—agus a fheicimid i ngnéithe den ‘Idirnáisiúnachas’ nó den Mharxachas mar a bhíodh—is amhlaidh go ndéanann sé dearmad go maireann formhór na cruinne ina mbotháin bheaga féin agus go saolaítear an duine, leis, faoi spéir logánta lena chuid déithe áitiúla. Ní féidir le haon duine againn, dá leaisteach solúbtha sinn, abair, Pushtúin nó Xingúaigh a dhéanamh dínn féin. Is féidir linn an teanga a fhoghlaim, dul chun cónaithe ina measc, a gcuid fear/ban a phósadh, an creideamh a chraos-slogadh, agus gach béas a chleachtadh, ach ní bheimid choíche ná go deo mar dhuine díobh mar atá duine díobh féin. Nó is féidir linn dul leis an státaicme idirnáisiúnta ar chor gur chomhgheal linn agus gur chomhshocair dúinn a bheith in Tóiceó agus Phoenix agus Amman, ach fós féin beidh clupaireacht an charbaid ar léimeamar de ag sonadh inár gcluasa. An traidisiún a mhaíonn iad a bheith ar deighilt ón saol mór, ní hea amháin gur baoth mar argóint í, ach is siabhránach gealtach, leis í. ‘What culture today,’ áitionn Edward Said, ‘—whether Japanese, Arab, European, Korean, Chinese or Indian—has not had long, intimate, and extraordinarily rich contacts with other cultures? There is no exception to this exchange at all.’12 Agus féach gurb iad na mórchultúir inaitheanta amháin is mó a luann sé sa sliocht sin, agus féach fós a bhfuil de gach uile shórt eile dínn ann. Agus laistigh de gach cultúr sin—mura bhfuil ‘laistigh’ féin róchluthar mar thuairim, bíonn an díospóireacht, agus an chargáil, agus an t-aighneas, agus an cur trí cheile, an suaitheadh sin go léir as a dtagann an gníomh cruthaitheach agus thugann brí agus fuinneamh don saol.
Is ar bhonn an idirspleáchais seo—ar leibhéal na polaitíochta go ngéillimid an oiread den cheannas flaithiúnta sin ionas gur féidir linn comhoibriú le gach stát eile, ach an méid sin, go toildeonach, agus nuair atá sé againn le tabhairt sa chéad áit; agus ar leibhéal an chultúir go leanaimid ag cothú ár ngairdín cabáiste féin chomh torthúil agus chomh cruthaitheach agus is féidir, ach go dtabharfaimid thar fhál isteach gach cleas is leasú agus galar agus grásta a rachaidh chun fónaimh dúinn. Is é sin an t-aon mhá amháin atá le tabhairt chun cláir ag gach buíon ar domhan. Beidh na himpireachtaí móra agus na comhghuaillíochtaí i mbun tátha agus díscaoilte go deo. Ach mairfidh an náisiún, nó leagan de, mar is é sin nádúr an duine. Is é a thiocfadh de shocrú leorfhiosach mar seo, slabhra nó súgán nó teaglaim nó míreanna comhfhite de thíortha is de stáit a mbeadh comh-mheas ar a chéile acu, a chomhoibreodh de réir an chomh-mheasa sin, a chabhródh le chéile de réir na comhthuisceana sin, is a d’fhágfadh a gcuid amhas ar pá gona ngléasanna marfacha go daingean ina gcuid dúnta dá réir. I ndeireadh na mbeart, ní bheadh rud ar bith le cailliúint acu ach an impireacht.
Alan Titley is the author of novels, plays, stories and literary scholarship. He is head of the Irish Department at St. Patrick’s College, Dublin City University.
Notes
1 Tá an litríocht níos fairsinge agus níos ilchasta ná Anderson, gan amhras. Cuid den chanóin seo leabhair Ernest Gellner go háirithe, Nations and Nationalism (1983), Nationalism (1997), agus Eric Hobsbawm Nations and Nationalism since 1780 (1993). Saothair níos stairiúla, is é sin níos doimhne, is ea leithéidí John A. Armstrong Nations before Nationalism, agus Anthony D. Smith The Ethnic Origins of Nations (1986).
2 Amin Maalouf, On Identity (London: The Harvill Press 2000), lch 127.
3 Edward Said, ‘Vico on the Discipline of Bodies and Texts’, in his Reflections on Exile and other literary and cultural essays (London: Granta Books 2001), lch. 85.
4 Isaiah Berlin, ‘Kant as an unfamiliar source of nationalism’, in his The sense of reality: studies in Ideas and their History (London: Chatto and Windus 1996), lgh. 232–3.
5 Iseult Honohan, ‘Freedom as Citizenship: The Republican Tradition in Political Theory’, The Republic, no. 2, (Summer 2001), lch 7.
6 Féach, mar shampla, H. Stuart Hughes, Consciousness and Society: The reorientation of European Social Thought 1890–1930 (St Alban’s: Paladin 1974), lch 70.
7 Noam Chomsky, 9–11 (New York: Seven Stories Press 2002), lch 19.
8 Arundhati Roy, ‘The End of Imagination’, in her The Algebra of Infinite Justice (London: Flamingo 2002), lgh 32–3.
9 Michael E. Zimmerman, Heidegger’s Confrontation with Modernity (Bloomington 1990), lgh 69–71.
10 Goran Therborn, European Modernity and Beyond (London: 1995), lch 359.
11 Robert Skidelsky, The World after Communism (London: 1995), lgh 62–3.
12 Edward Said, ‘The Clash of Definitions’ in his Reflections on Exile and other literary and cultural essays, op. cit., lch 583.